An bhearna idir an teanga agus an t-ábhar a dhúnadh sa tumoideachas: Cur chuige bunaithe ar staidéar ceachta
Loading...
Date
Authors
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Abstract
Tá sé léirithe sa taighde go bhfuil éifeacht leis an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) i suíomhanna teanga éagsúla. Mar sin féin, níl tuiscint iomlán againn fós ar chomhtháthú teangacha agus ábhar in oideolaíocht an oideachais lán-Ghaeilge. Tugtar tuairisc san alt seo ar conas a thacaigh speisialtóireacht churaclaim i FCÁT, inar díríodh ar theagasc na matamaitice i seomra ranga lán-Ghaeilge, le múinteoirí bunscoile réamhsheirbhíse an bhearna idir an teanga agus an t-ábhar (matamaitice) a dhúnadh sa tumoideachas. Baineadh leas sa staidéar taighde as an Staidéar Ceachta mar chreat struchtúrach chun ceachtanna matamaitice a dhearadh i suíomhanna tumoideachais. Bailíodh sonraí cáilíochtúla ó fhoinsí éagsúla, mar shampla pleananna ceachta na mac léinn, cuir i láthair, machnamh, agus breathnóireachtaí ar an teagasc sa seomra ranga. Soláthraítear leis na torthaí léargais ar leith ar a chasta atá sé ceachtanna ábhair a dhearadh agus a chur i bhfeidhm i suíomhanna tumoideachais. Léirítear freisin leis na torthaí go mbíonn deacrachtaí ag múinteoirí réamhsheirbhíse tuiscint a fháil ar chastacht an teagaisc chothrom teangacha agus ábhar sa tumoideachas. Soláthraítear fianaise leis an taighde seo ina dtaispeántar a éifeachtaí atá próiseas an staidéir ceachta mar atá curtha in iúl le tuiscintí feabhsaithe, saineolas comhroinnte, bailiú eolais, agus dearcthaí úra ar FCÁT arna léiriú ag na rannpháirtithe.
Description
An bhearna idir an teanga agus an t-ábhar a dhúnadh sa tumoideachas: Cur chuige bunaithe ar staidéar ceachta.
Keywords
Citation
Ó Ceallaigh, T.J., Leavy, A., Hourigan, M. 'An bhearna idir an teanga agus an t-ábhar a dhúnadh sa tumoideachas: Cur chuige bunaithe ar staidéar ceachta.' An Tumoideachas: Bua nó Dua? Páipéir roghnaithe ón gCéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas. 15-16 Bealtaine 2015 Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, Éire. Eagarthóirí: T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire.

